Aoife Ní Fhearraigh

Cailín Rua

Aoife Ní Fhearraigh


Dá mbeinnse i mbliana mar bhí mé anuraidh
Toigh beag 'bheith agam i gcois an chuain
Chuirfinn mo bhád amach ar a' tSionainn
Agus bhéarfainn abhaile liom mo chailín rua

B'fhearr liom í ná bó is ná bearrach
Nó a bhfuil de loingis ag tarraingt chun cuain
Bhí sí mar gha gréine ag dul in éadan na ngloiní
Scéimh mhná na Finne le mo chailín rua

Curfá
Thug mé liom í ó bhaile go baile
Fríd Bhaile 'Cliath 'un na geaftaí crua
Chun fhuil aon mhíle ó d'fhág mé an baile
Nach dtug mé deoch leanna do mo chailín rua

Bhí ceann gruaige leí síos go talamh
'Gus barra na finne go dtug sí leí
Ba mhéanar don fhear óg a gheobhadh í le mealladh
Rogha na gcailíní mo chailín rua

Dá mbeinn chomh saibhir is a bhí mé anuraidh
Thógfainn toigh mór ar an chnoc údaí thuas
Fíon agus ór 'siad bhéafainn do mo stór
Is bhein a' gabháil ceoil le mo chailín rua

Chan fhuil aon teach ósta a casadh romhainn sa bhealach
Nach dtug mé deoch leanna do mo chailín rua
Ach d'imigh sí léi le buachaill siopa
Slán go bhfillfidh tú a chailín rua

Composição: Traditional arranged by Cooke

Encontrou algum erro na letra? Por favor, envie uma correção >

Compartilhe
esta música

Ouça estações relacionadas a Aoife Ní Fhearraigh no Vagalume.FM

Mais tocadas de Aoife Ní Fhearraigh

ESTAÇÕES