Altan
Página inicial > A > Altan > An Cailín Deas Óg

An Cailín Deas Óg

Altan


An cailín deas óg a bhfuil mé ar a tóir
Mo chreach mhaidne brón ní castar liom í
Tráth théim go tigh an óil, chuig damhsa, nó spórt
Ach leanfad sa ród í ar uair an mheán oích'

Chorus:
Mar is tusa an fear óg a shiúlfas go leor
Faigh domhsa seod a bheas agam mar mhnaoi
Ná santaigh go deo maoin chaorach nó bó
Ach inseoidh mé an nós duit ina dtógfaidh tú í

Bíodh sí lách óg gan mhairg gan ghruaim
Stuama go leor ar gach uile sheort ní
Tuicsneach ró-dheas gan an iomarca bróid
Siúd í mo stóirín da mbéadh sí gan pingin

(Chorus)

Bíodh sí gan smál i gclú is i gcáil
Glan ina croí agus séimh ina méin
Gan gangaid nó gráin i mbriathra a béil
Is aoibh ar a h-éadan ó mhaidin go h-oích'

(Chorus)

Ach inseoidh mé an nós duit ina dtógfaidh tú í
1

Encontrou algum erro na letra? Por favor, envie uma correção >

Compartilhe
esta música

Ouça estações relacionadas a Altan no Vagalume.FM

Mais tocadas de Altan

ESTAÇÕES
ARTISTAS RELACIONADOS